Baile

Fáilte go suíomh gréasáin Leasú Sholáthar Tógála

Tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe freagrach as an bpolasaí náisiúnta a fheidhmiú i dtaca le soláthar poiblí, go háirithe mar a bhfuil soláthar tógála i gceist.  Cruthaíodh suíomh gréasáin na Roinne: www.constructionprocurement.gov.ie go sainiúil chun príomhthorthaí an Chinnidh Rialtais de Bhealtaine 2004 maidir le leasú a dhéanamh ar sholáthar tógála i gcás na hearnála poiblí a fheidhmiú.  Is iad príomh-aidhmeanna an tionscnaimh leasaithe seo:

    • Cinnteacht maidir le costas tráth glactha le tairiscint
    • Luach níos fearr ar airgead (LAA), agus
    • Seachadadh níos éifeachtaí i gcás tionscadal oibreacha poiblí

Tá an leasú ar na príomh-bhearta a bhaineann le luach ar airgead a d’fhógair an tAire ar 20 Deireadh Fómhair 2005 agus tá sé ann chun cabhrú le dul i gceann míshuaimhnis faoi mhéid an róchaiteachais i gcás costais (i.e. an méadú ar chostas tionscadal idir an praghas tairisceana a nglactar leis agus na costais chríochnaitheacha aschuir) i gcás oibreacha poiblí agus conarthaí comhairleachta tógála, agus chun deireadh a chur le róchaiteachas dá leithéid trí phleanáil níos fearr agus trí úsáid níos fearr a bhaint as na conarthaí a bhaineann leis na hoibreacha agus as na coinníollacha conartha trí bharr riosca a aistriú go conraitheoirí agus go sainchomhairleoirí a bhfuil an cumas is fearr iontu rioscaí dá leithéidí a riaradh agus a shrianadh.

Ar an suíomh tá Frámaíocht Bhainistíochta d’Oibreacha Caipitiúla ar a bhfuil tacar comhtháite d’fhorálacha conartha, ábhar treorach, teimpléid theicniúla agus gnáthaimh a bhaineann le gach gné den phróiseas seachadta de thionscadal oibreacha poiblí ó thus go críoch agus athbhreithniú san áireamh.  Tá struchtúr na frámaíochta straitéisí seo ailínithe go dlúth agus comhlánaíonn sé na Treoirlínte um Breithmheas Caipitil a d’eisigh an Roinn Airgeadais.

Tá an Fhrámaíocht Bhainistíochta d’Oibreacha Caipitiúla ann lena húsáid ag údaráis chonartha a mbíonn lámh acu i gcaitheamh ciste poiblí ar thionscadail thógála agus ar sheirbhísí comhairleachta gaolmhara.  Ba chóir go mbeadh seachadadh níos costéifeachtaí ann i gcás tionscadal oibreacha poiblí mar thoradh ar úsáid na frámaíochta de bharr chur chuige níos mine agus níos eagraithe i dtaca le pleanáil (idir thúsphleanáil agus mhionphleanáil), buiséadú caipitiúil, chomh maith le dearadh agus le srianadh ar chostais thógala, imeasc rudaí eile.

Déan teagmháil linn ar: construction@per.gov.ie

Nuacht

SFF (BIM)