Fáilte go suíomh gréasáin Leasú Sholáthar Tógála
Tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe freagrach as an bpolasaí náisiúnta a fheidhmiú i dtaca le soláthar poiblí, go háirithe mar a bhfuil soláthar tógála i gceist. Cruthaíodh suíomh gréasáin na Roinne: www.constructionprocurement.gov.ie go sainiúil chun príomhthorthaí an Chinnidh Rialtais de Bhealtaine 2004 maidir le leasú a dhéanamh ar sholáthar tógála i gcás na hearnála poiblí a fheidhmiú. Is iad príomh-aidhmeanna an tionscnaimh leasaithe seo:
-
- Cinnteacht maidir le costas tráth glactha le tairiscint
- Luach níos fearr ar airgead (LAA), agus
- Seachadadh níos éifeachtaí i gcás tionscadal oibreacha poiblí
Ar an suíomh tá Frámaíocht Bhainistíochta d’Oibreacha Caipitiúla ar a bhfuil tacar comhtháite d’fhorálacha conartha, ábhar treorach, teimpléid theicniúla agus gnáthaimh a bhaineann le gach gné den phróiseas seachadta de thionscadal oibreacha poiblí ó thus go críoch agus athbhreithniú san áireamh. Tá struchtúr na frámaíochta straitéisí seo ailínithe go dlúth agus comhlánaíonn sé na Treoirlínte um Breithmheas Caipitil a d’eisigh an Roinn Airgeadais.
Tá an Fhrámaíocht Bhainistíochta d’Oibreacha Caipitiúla ann lena húsáid ag údaráis chonartha a mbíonn lámh acu i gcaitheamh ciste poiblí ar thionscadail thógála agus ar sheirbhísí comhairleachta gaolmhara. Ba chóir go mbeadh seachadadh níos costéifeachtaí ann i gcás tionscadal oibreacha poiblí mar thoradh ar úsáid na frámaíochta de bharr chur chuige níos mine agus níos eagraithe i dtaca le pleanáil (idir thúsphleanáil agus mhionphleanáil), buiséadú caipitiúil, chomh maith le dearadh agus le srianadh ar chostais thógala, imeasc rudaí eile.
Déan teagmháil linn ar: construction@per.gov.ie