Ráiteas Príobháideachais

Tá an suíomh gréasáin seo á chothabháil ag Oifig um Sholáthar Rialtais thar ceann ranna rialtais. Tugann an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe lánurraim do do cheart chun príobháideachta, agus ní bhaileoidh sí aon fhaisnéis phearsanta fút ar an láithreán gréasáin seo gan cead soiléir agus follasach a fháil uait.

Déileálfar go slán agus go rúnda le haon fhaisnéis phearsanta a thoilíonn tú a thabhairt de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988-2018 agus an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS).

Baineann an ráiteas seo lenár gcleachtais phríobháideachais i ndáil leis an suíomh gréasáin seo. Mínítear roinnt téarmaí teicniúla a úsáidtear sa ráiteas seo ag deireadh an leathanaigh seo.

Faisnéis phearsanta a bhailiú agus a úsáid

Ní bhailíonn an láithreán gréasáin seo aon sonraí pearsanta, seachas faisnéis a thugann tú go deonach, nuair a thugann tú aiseolas nó a aontaíonn tú le fógra a fháil faoi chomhairliúchán, mar shampla.

Ní úsáidtear aon fhaisnéis a sholáthraíonn tú ar an mbealach sin ach amháin chun na críche sonraithe atá léi. I gcás cineálacha eile faisnéise a bhailítear maidir le cuairteoirí ar an láithreán gréasáin féach thíos.

Faisnéis a bhailímid go rialta

Féadfaimid an fhaisnéis seo a leanas a bhailiú ó gach úsáideoir ar an suíomh seo: faisnéis staitistiúil (seoladh IP agus ainm óstach, leagan brabhsálaí gréasáin, leathanaigh ar tugadh cuairt orthu agus mar sin de) an seoladh gréasáin roimhe seo ónar shroich tú sinn, lena n-áirítear aon téarmaí cuardaigh a úsáideadh

Cad dó a n-úsáidimid an fhaisnéis

Bainimid úsáid as an bhfaisnéis seo chun anailís a dhéanamh ar phatrúin úsáide an láithreáin ghréasáin chun éifeachtacht an láithreáin ghréasáin a fheabhsú. Ní dhéanfaimid iarrachtaí cuairteoirí aonair a aithint, ná na sonraí teicniúla atá liostaithe thuas a chomhcheangal le haon duine aonair.

Is é ár mbeartas gan an fhaisnéis sin a nochtadh riamh maidir le cuairteoirí láithreán gréasáin aonair chuig aon tríú páirtí mura luaitear go sainráite é (féach an rannóg Google Analytics thíos), nó má tá sé de dhualgas orainn an fhaisnéis sin a nochtadh mar gheall ar aon riail dlí.

Fianáin

Is píosaí beaga faisnéise iad fianáin, atá stóráilte i gcomhaid téacs simplí, a chuirtear ar do ríomhaire ag suíomh Gréasáin. Is féidir leis an suíomh gréasáin roinnt fianán a léamh ar do chuairteanna ina dhiaidh sin. D’fhéadfadh baint a bheith ag an bhfaisnéis atá stóráilte i bhfianán le do ghníomhaíochtaí brabhsála ar an láithreán gréasáin, nó le haitheantóir uathúil ionas gur féidir leis an suíomh Gréasáin ‘cuimhneamh’ ort ar do chuairt fillte. Scriostar fianáin eile nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí agus ní bhaineann siad ach le bheith ag obair ar an suíomh Gréasáin. Níl aon fhaisnéis phearsanta i bhfianáin ar gov.ie ónar féidir tú a aithint.

Fianáin ar an suíomh gréasáin seo

Ligeann formhór na mbrabhsálaithe duit fianáin a mhúchadh nó do shocruithe le haghaidh fianáin a shaincheapadh. Chun a fháil amach conas é sin a dhéanamh, féach an roghchlár ‘Cabhair’ ar do bhrabhsálaí. Tabhair do d’aire, le do thoil, má chasann tú as fianáin nó má athraíonn tú do shocruithe, b’fhéidir nach n-oibreoidh roinnt gnéithe den láithreán gréasáin i gceart.

Úsáideann an  Oifig um Sholáthar Rialtais  fianáin chun staitisticí úsáideora a bhailiú go hanaithnid agus chun cosaint a dhéanamh i gcoinne ionsaí mailíseach.

Fianáin gov.ie

Nuair a thugann tú cuairt ar an suíomh Gréasáin seo den chéad uair socraítear an fianán csrftoken.

Ainm an Fhianáin: csrftoken

Am Éaga: 365 lá ón gcuairt dheireanach

Cur síos: Úsáidtear an fianán seo le haghaidh slándála chun cosaint a dhéanamh i gcoinne ionsaí mailíseach

Google Analytics

Tá Google Analytics tugtha isteach ag an Oifig chun cabhrú linn i dtaca le feidhmiú an láithreáin ghréasáin seo. Cuidíonn an tseirbhís seo linn faisnéis ábhartha a sholáthar i bhformáid atá inrochtana go héasca. Bainimid úsáid as Anaithnidiúchán IP (Prótacal Idirlín) in Google Analytics.

Ní shocraítear na fianáin google analytics seo a leanas ach amháin má roghnaíonn tú ‘ceadaigh gach ceann’ ar an mbratach faisnéise fianán nó má roghnaíonn tú Socraigh sainroghanna agus roghanna na bhfianán anailíseach a chumasú:

  • Ainm an Fhianáin: _ga
  • Am Éaga: 24 mí ón gcuairt dheireanach
  • Cur síos: Úsáidtear é chun idirdhealú a dhéanamh idir úsáideoirí.

agus

  • Ainm an Fhianáin: _gid
  • Am Éaga: 24 uair an chloig ón gcuairt dheireanach
  • Cur síos: Úsáidtear é chun idirdhealú a dhéanamh idir úsáideoirí.

agus

  • Ainm an Fhianáin: _gat_UA-42328974-1
  • Am Éaga: 1 nóiméad
  • Cur síos: Úsáidtear é chun ráta iarratais a scóigeadh.

Tuilleadh eolais nó chun iarraidh a dhéanamh

Má tá imní ort faoin gcaoi a ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil tríd an láithreán gréasáin seo, ná bíodh aon leisce ort na hábhair imní sin a chur in iúl dúinn. Chun é sin a dhéanamh, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Cosanta Sonraí na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag dataprotection@per.gov.ie

• Brabhsálaí Gréasáin

• An fhoireann bogearraí a úsáideann tú chun leathanaigh ghréasáin a léamh. Samplaí is ea Microsoft Internet Explorer, Mozilla Firefox, Chrome agus Opera.

• Seoladh IP

• Na sonraí aitheantais do do ríomhaire (nó ríomhaire do chuideachta idirlín), arna sloinneadh sa chód prótacal idirlín (mar shampla 192.168.72.34). Tá seoladh UATHÚIL IP ag gach ríomhaire atá ceangailte leis an ngréasán, cé go mb’fhéidir nach mbeadh an seoladh mar an gcéanna gach uair a dhéantar ceangal.